Amhrán na Cuiginne (traid.)

Grá mo chroí mo bhuachaillín ceannasach,
Grá mo chroí gach lá sa tseachtain é;
Grá mo chroí go deo 'n fhad 'mhairfead é,
Grá mo chroí mo bhuachaillín deas.

Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail, buail agus gread;
Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail agus buailfeadsa leat.

Bíonn mo stór go ceolmhar áthasach,
Casadh na mbó 's á seoladh abhaile chugam.
'Seasamh ar stól ag bualadh 'n bhainne liom,
'S deas is néat' a bhuaileann sé gread.

Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail, buail agus gread;
Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail agus buailfeadsa leat.

Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail, buail agus gread;
Buail, buail, buail a bhuachaillín,
Buail, buail agus buailfeadsa leat.

 

 

Abbreviated translation:

My little boy is the love of my life and will be as long as he lives

Milk that cow with joy, and I'll join you

My dear is happy and musical, while milking that cow on his little stool