|
An
Bratach Glas
Dia Daoibh! Aoibhinn
agus Sinéad ó rang a ceathair anseo. Táimid ar Choiste
an Bhratach Glas i mbliana. Tá gach duine i Scoil Raifteirí
ag déanamh ár ndíchill an brat glas a ghnóthachtáil
don scoil arís i mbliana.Seo cuntas go dáta ar na nithe
atá ar siúl againn.
Déanaimid iarracht na seomraí ranga agus clós na
scoile a choinneáil deas glan agus néata agus tá
an-bhéim ar an athchúrsáil a dhéanamh ar gach
sórt ábhair.Tá trí chinéal bosca bruscair
againn, ceann i gcomhair páipéir, ceann i gcomhair craicne
torthaí agus ceann eile i gcomhair gnáthbhruscair.Tá
rang a cúig freagrach as an múirín. Tar éis
an lóin chuile lá bailíonn siad na craicne torthaí
agus malaí tae agus cuireann said gach rud i mbosca bruscair speisialta
ar chúl na scoile. Is féidir linn an múirin a usáid
mar aoileach ar ár bplandaí agus glasraí.
Tugann gach páiste bosca loin ar scoil. Is féidir linn an
bosca loin a athusáid arís is arís. Taobh amuigh
de é sin, tugann chuile duine a chuid fuílligh féin
- arán, cartáin, clúdacha páipéir,
clúdacha plaisteacha srl abhaile, le cur sa bhosca bruscair agus
le hathchúrsáil. Táimid coinsiasa faoi fuinneamh
sa scoil agus déanaimid iarracht go bhfuil gach ríomhaire,
téitheoir agus solas múchta, agus gach fuinneog agus doras
dúnta.Mar gheall ar é seo is beag bruscair a bhíonn
sa scoil agus is beag costas a bhíonn ar an scoil.
Chomh maith leis é seo, tá gach rang ag staidéar
faoin domhan agus an timpeallacht atá thart timpeall orainn. Caithfidh
muid meas agus grá a thabhairt dó. Cuimhnigh! Ár
Domhan, Ár mBaile!
Thaitneodh sé thar cionn linn an brat glas a gnóthachtáil.Má
leanaimid ar aghaidh leis an obair crua agus meon dearfach, éireóidh
linn an brat glas a ghnóthachtáil i mbliana. Go raibh mile
maith agaibh uileag.Coinnigí orainn leis an dea-obair.
|