Feirmeoireacht 100 Bliain ó Shin

Bhí baint an-speisialta idir an feirmeoir agus na páirceanna. Bhí daonra Carrowbrinogue ag brath go hiomlán ar an talamh a bhí acu. Bhí siad in ann maireachtáil ar thorthaí na talún gan €200 nó mar sin a chaitheamh gach seachtain i Super Valu nó Dunnes chun a leithéid de Cuisine de France a cheannach!

Bhí ainmneacha acu ar na páirceanna go léir. Sa phictiúr seo, tá an cailín óg agus an madra ag súgradh sa pháirc Bóithrín Gearr Molly. D'fhoghlaíomar níos mó faoin bpáirc seo ó dheirfiúr chéile Jimmy McHale, Kathleen. Dúirt sí go raibh sí ag iarraidh tí a thógáil lena fear chéile níos mó ná 40 bliain ó shin. Roghnaigh siad Bóithrín Gearr Molly don suíomh. Nuair a chuala na seanfheirmeoirí cad a bhí ar tí acu, thug siad comhairle dóibh athsmaoineamh a dhéanamh. Dúradh go raibh taibhse ina chónaí sa pháirc sin! Ní fhaca Kathleen an taibhse sin riamh, ach thóg siad a dteach i suíomh eile. Bhí piseoga mar seo an-tabhachtach ina saol.

Páirc Bhán. Ba í seo ar cheann de na páirceanna is fearr a bhí ag clann Jimmy McHale.

Páirc Garra Beag. Ciallaíonn Garra ná páirc bheag ina raibh garraíodóireacht ar siúl. Sa chás seo, is prátaí a bhí ag fás go fliúrsach blianta ó shin. Dúirt Jimmy go raibh an pháirc bheag seo roinnte i ndá chuid le sruthán beag! Taispeánann sé seo dúinn cé chomh beag is a bhí na páirceanna a bhí leagtha amach sa chóras Rundale.

Páircín Mhuire. Ba onóir í don pháirc is fearr a bhí ag clann Jimmy ainm máthar Dé a fháil. Bhí an eaglais fite fuaite isteach i saol na tuaithe.

Jimmy Mc Hale ina sheasamh i bPáirc Well Molly. Mar is eol dúinn ón ainm seo, bhí baint ag an bpáirc le tobar. Dúirt Jimmy nach bhfuil sé ann a thuilleadh. Chun biseach a chur ar an talamh, bhí an pháirc draenáilte. D'imigh an tobar lena chuid uisce úr agus glan. Faigheann siad uisce ó chóras uisce Chaisleán an Bharraigh anois. Dul chun cinn?

Seo roinnt eile páirceanna a bhí sa cheantar: Garra Ard, Garra Dubh, Páirc an Choilligh, Bóithrín Gearr agus Tamhnach Mhór. Ciallaíonn tamhnach faiche, nó páirc féir, thuas ar thaobh an tsléibhe. Is féidir barraí a chur i dtamhnach freisin. Tá logainmneacha na háite go léir i nGaeilge go fóill, rud nár athraigh fiú nuair a thosaigh daoine ag labhairt Béarla mar theanga chaidreamh. Faraor, beidh dearmad déanta ar na hainmneacha seo nuair atá an tseanghluain imithe.

Garra Dubh
An féidir le éinne maireachtáil ar dheich acra de thalamh mar seo a thuilleadh?

Seo tarracóir na seanlaethanta! Úsáideadh asal agus dhá phardóg chun rudaí troma a bhogadh timpeall an feirme. Is cuimhin le Jimmy leasachán a thógáil isteach sna páirceanna. Sna laethanta sin, níor tháinig leasachán i málaí plaisteacha! Bailíodh salachar na n-ainmhithe, tuí feoite agus aol (lime) agus scaipeadh amach an stuif seo ar an talamh. Dúirt Jimmy go raibh deacrachtaí ag an asal bocht sa pháirc Bóithrín Gearr Molly. Bhí air agus ar na páistí eile an t-asal a bhrú chun é a chabhrú suas an cnoc.

Seo tincéir ag obair. Tá sé ag úsáid stáin chun buicéad a dhéanamh. 100 bliain ó shin, bhí muintir na tuaithe iontach maith ag déanamh agus ag deisiú an trealamh a bhí in úsáid ar an bhfeirm. Bhí athrothlú agus athchúrsáil (recycling) ar siúl acu i bhfad roimh míniúchán na bhfocal seo a bheith ar eolas acu.

Seo Múseum an tSaoil Faoin Tuath. Chuaigh an rang ar fad amach chun foghlaim faoin saol a bhí in Éirinn idir na blianta 1850-1950. Tá sé suite i dTurlach, baile beag gar do Chaisleán an Bharraigh. Níl sé ceadaithe pictiúirí a thógáil, ach rinneamar pictiúirí agus thógamar nótaí inár gcóipleabhair Staire.

Seo muideanna taobh amuigh den mhúseum. Bhí sé ag cur báistí, ach chaitheamar dhá uair iontach taobh istigh.

Na Seanlaethanta (Lúcas)

Ar ais sa sean laethantha ní raibh aon inneall feirmeoireachta acu. Bhí orthu gach rud a dhéanamh gan leictreaceas. Nuair a bhí siad ag treabhadh sa pháirc, d'úsáid siad dhá chapall agus uirlislí eile. I rith an fómhair thosaigh siad ag báint na barraí. Le haghaidh an dinnéir d'ith siad a lán prátaí. Bhí trí shaghas prataí a d'úsáid siad. Le haghaidh dinnéir na muc fuair siad coirce briste suas, le prátaí brúite agus bainne. Ba é sin píosa den shaol ar ais ansin.

An Speal
D'úsáid na feiremoirí speal chun an fair a ghearradh. Bhí an speal an-ghéar agus bhí ar na feirmeoirí a lámha a chur taobh thiar den droim mar bhí sé chomh géar sin
.

Ag Baint an Fhéir.
I rith an tsamhraidh rinne na feirmeoirí an féar. Ar dtús ghearr sé an féar le speal (scythe). Ansin thóg sé é ar an talamh. Nuair a bhí an féar tirim chuaigh an chlann go léir agus na comharsana amach ar an bpáirc agus d'fhan siad cúpla lá ag baint an féir. Chuir siad é suas i gcocanna féir i lár na páirce. Nuair a bhí an tuí réidh, chuir siad é i mbothán. Nuair a bhí an féar réidh chun ithe thog siad é go dtí na ba.

Móin (Cillian)
Bhí feirmóirí ag úsáid na móna i rith an gheimhridh chun an teach a choimeád te, agus chun cócaireacht a dhéanamh. Bhí siad úsáid sluasaid speisialta darbh ainm an slean chun an mhóin a ghearradh. Fuair said an mhoín ón bportach. Bhí an mhóin déanta as crainn agus plandaí a fuair bás agus tá tú in ann é a fheiceail le truncanna ag teacht amach as.


An saol a bhí agam agus mé óg i gCarrowbrinogue

Dia dhuit, Treasa is ainm dom. Táim naoi mbliaina daois. Táim ag scríobh an litir sa dóchas go bhfaigheann duine éigin é sa todhchaí. Táim ag scríobh faoi cé chomh deacair an saol a bhí againn.

Bhí teach ceann tuí ag gach duine le dhá sheomra iontu; ceann le haghaidh an chistin agus ag suí le chéile - ach níor shuíomar síos ró mhéid. Bhí seomra eile le haghaidh codladh. Cónaím síos bóthar dárbh Bóthar Rua. Bhí stríoc de thalamh le deich acra ann. Dhá cheann le haghaidh na ba, dhá cheann le haghaidh na caoraigh, dhá cheann le haghaidh na hasail, dhá cheann le haghaidh na glasraí agus dhá cheann le talamh fliuch chun an mhóin a ghearradh.

Níor imir mé le mo chairde ró mhéid ach amháin ar scoil. Uair amháin nuair a bhí mé thart ar seacht mbliana d'aois bhí mé ag imirt peile le mo chairde nuair a tháinig an príomhoide suas chugainn agus tharraing sé isteach muid go dtí a oifig agus fuip sé muid dhá uair. Níor cheadaigh sé spóirt Shasanacha a imirt.

Bhí orainn ár mbia féin a chur ag fás mar bhí an siopa is giorra dúinn ná trí mhíle déag ó ár dteach. Tháinig siopa taistil uair amháin go dtí ár dteach gach mí agus cheannaigh sé na huibheacha a bhí le spáráil againn.

Bhuel caithfidh mé dul isteach mar tá mo dhinnéar réidh. Bí cinnte go dtéann sé seo go dtí an iarsmalann na Staire. Slán!!! Treasa.

(Laurena Ní Cheallaigh)


Cóipcheart: Angela Campbell
Tá an phardóg soiléar sa phictiúr seo. Tá sí déanta mar chiseán, agus is féidir an t-urlár a oscailt chun an t-ualach a ligean amach. (Dumpar seanaiseanta)


Chuir siad leasachán nádúrtha mar sciodar (slurry), aol (lime) agus tuí feoite ar na páirceanna chun cabhair a thabhairt go dtí na rudaí a bhi ag fás acu.
Seo muirín (compost) a rinneamar muid fhéin sa scoil le rudaí mar chraicne bananaí agus rudaí eile a bhíonn fágtha tar éis an lóin sa scoil. Chuireamar í mar leasachán do na crainn nua atá againn i Scoil Raifteirí.



Sa phictiúr seo, feiceann tú fir ag plandáil prátaí sa tseanbhealach ag déanamh lazy beds. Tógadh an pictiúr nuair a bhí ceacht ar siúl ag Museum an tSaoil Faoin Tuath

This method of growing crops, especially the potato, was unfairly represented in sections of the English media of the time as evidence that the Irish peasant was a lazy, shiftless person, who tried to do as little work as possible. In actual fact it is a highly suitable way of planting potatoes and because of the nature of the potato plant at least as economical and productive a method as any other.
Planting in this way, two parallel, shallow trenches are dug with a spade about three feet apart and the top sod is turned over and laid along the inside of each trench. This forms a strip with the centre untouched and the outside edges of the strip raised by the presence of those upturned sods. In the lower centre of the strip the seed potatoes are then placed at intervals and covered with a layer or "dressing" of farmyard manure- cow dung and rotted straw.
Further soil is then taken from the trenches on either side of the strip and used to cover the seed and manure and raise the centre to the height of the upturned sods of earth. During the growing season further soil is dug from the trenches and used to cover the tubers as they grow to prevent them turning green from the sunlight.
www.mayogazette.com/mayo/issue22.html

Sa sean laethanta bhí a lán oibre le déanamh. Bhí ar na fir obair go dian sna páirceanna. Rinne siad gach rud iad féin, agus chaith siad a lán ama ag déanamh é, mar shampla, an doras beag seo déanta i mballa chun na caoirigh a ligean isteach sa pháirc.Bhí an talamh a bhí acu scaipaithe amach in áiteanna difriúla. In aice leis an teach bhí cúpla sicín acu. Bhí muc amháin nó bó acu freisin. D'ith siad a lán prátaí ag an am sin. Thug siad prátaí do na hainmhithe. Ní raibh na bóithre ró-mhaith. Ní raibh siad mar na cinn atá an anois.
(Órla)

Na páirceanna agus na bóithre

Roimh 1901 rinneadh na ballaí a bhi ag scaradh na páirceanna as móin. Bhí a lán féir i lár na mbóithareacha. Ní raibh aon tarra (tar) ar na bóithre ar ais ansin.

Obair Laethiúil (Risteard)


Gríosach ar an teallach a athlasdh
Uisce a fháil ón tobar
Uisce a fhiuchadh agus an leite a théamh don bhricfeasta
An t-arán don lá a bhácáil
Lón a dhéanamh do na leanaí scoile
Na ba a bhléan (milk).
An tine a choinneál ar siúl sa teallach
Prátaí agus glasraí a ní do bhéilí an lae
Béile lár an lae a chócaireáil.
An éanlaith agus ainmhithe óga a bheathú.
An suipéar a chócaireáil
Leite a ullmhú don mhaidin
Clúdach a chur ar an tine chun í a choimeád ar siúl i rith na hoíche
An cat a chur amach!

Obair Sheachainiúil (Máirtín)


Éadaí a ní sa sruthán in aice láimhe
Na héadaí a chrochadh lena bheith tirim
Éadaí maithe an Domhnaigh a iarnáil
Maistreadh a dhéanamh le haghaidh ime
Éadaí a dheisiú agus a athshocrú
Fuáil, cniotáil, cuilteáil
Uibheacha breise agus nithe déiríochta a thabhairt chuig an margadh
Na leanaí a fholcadh
An teach a ghlanadh

Fuair mé an t-eolas seo sa Mhuseum an tSaoil Faoin tuath

Back to top