Acmhainní Gaeilge:

Clic anseo

 

Comhrá Gaeilge

 

Comhrá Gaeilge: ag ullmhú do Fhleadh Cheoil Mhaigh Eo

FMS faoi Labhairt na Gaeilge (Aibreán 2019): Ceistneoirí anseo

 

 

Aistí i nGaeilge

 

 

 

Foclóir Gaeilge

Cabhair chun aistí a scríobh níos fearr. Nathanna cainte (le buiochas ó PDST)

 

Téarmaí Spóirt:

Cluiche Corr:

Buile baile – Home run
An chéad daoradh – first base       An dara daoradh – second base
An tríú daoradh – third base
Ag an dara daoradh – on 2nd base
Siúl ar aghaidh – walk on
Liathróid mhaith (Good ball)
Droch liathróid (Bad ball)
Duine amháin sa bhaile/ beirt sa bhaile srl

 

 


 


Peil/Sacar:

Captaen na foirne (Team Captain) Réiteoir (Referee)
An Fear Líne (The linesman)
An lucht tacaíochta (supporters)   
An fhoireann baile/An fhoireann eile  
Cluiche ceannais (Final)
Cluiche leathcheannais (Semi-final)
Bainisteoir                       
Trasnán (crossbar)                 
An chéad leath (The first half)
An dara leath (The second half) Cuaille/Cuaillí (Goal-post/s)            Corn (Cup)                                 
Na maoir líne (The sideline officials)
Na maoir chúil (The umpires)
Peil Ghaelach (Gaelic football)
Ruathar aonair (Solo run)
Seomra Feistis (Dressing Room)
Taobhlíne (sideline)              
Ar fóraoil (wide)
Blocáil (block)
Breith iontach (great catch)
Beir ar an liathróid (catch the ball)
Cúl (goal) Cúilín (point)
Cúl Báire (Goalkeeper)
Cosantóir (defender)
Imreoir lár páirce (Midfield)
Lánchúlaí (Full back)
Lántosaí (Full forward)        
Tosaí (Forward)
Cic éirice (penalty)
Sábháil (save)                       
Mí-ádh (hard luck)

Foclóir spóirt ar Soundcloud
anseo

 

Foclóir Eile:

Torthaí agus Glasraí

Modhanna Taistil


 

Tá an dá leathanach seo ó leabhar Usborne (www.usborne.com)

 

 

Foclóir ón Leabhar Éalú san Oíche

Aistí faoin nGorta anseo

 

Foclóir ón leabhar Amstardam

Pictiúir anseo

 

 

 

 

 

Aistí:

Tubaiste ar Scoil: anseo

Fadhbanna ag Daoine Óga Inniu: anseo

Turas go dtí an Chathair: aistí anseo

Cuairt chuig an Dioscó: aistí anseo

An Beárbaiciú: anseo

Réabhlóid sa Fhrainc: anseo

Mise sa Siopa Spóirt: anseo

Cuairt an Taoisigh: anseo

Ag Sciáil Thar Lear

Mise ar an teilifís!

Mise i bhFeighil an Tí: anseo

Cuairt ar an Meánscoil: anseo

San Ionad Siopadóireachta: anseo

Timpiste Bhóthair: anseo

Bealach Glas go Turlough: Béarla/Gaeilge anseo

Lá in Amstardam: Béarla agus Gaeilge anseo

 

Ag Sciáil thar lear: anseo

Clic anseo chun scéal "Mise i bhFeighil an Tí", le Ciara Ní Mhurchú, a léamh

"Mise i bhFeighil an Tí" le Ilia, Rang 6, 2013: Clic anseo.

Clic anseo chun An Pota Óir le grúpaí ó Rang 5 agus Rang 1 a léamh

Caillte sa Chathair Mhór: Clic anseo chun dhá aiste a léamh

Cé hé Antaine Raifteirí?: Clic anseo agus léigh cuntas a scríobh Ciara Nic Lochlainn

 

 

Seo scéalta déanta ar Comic Life ag Rang 5 agus 6, Múinteoir Máire, sa bhliain 2021:


An Timpiste

An Cluiche Mór

Am Lóin

Bad Kids Escape

Detention Kids

An Troid Mhór

Páistí Dána Cuid 1

Páistí Dána Cuid 2

Páistí Dána arís!

 

 

Scéalta déanta ag Rang 6 le Comic Life, Meitheamh, 2021:

 

 

 

Scéalta déanta ag Rang 6 le Comiclife, Nollaig 2010

Clic ar thumbnail chun scéal a léamh

 

Scríobh Leabhar!

Clic thuas chun scéalta deasa le pictiúirí áille a fheiceáil

Rinne Ranganna 2 agus 6 leabhair sa bhliain 2010 don scéim Scríobh Leabhar

 

Meitheamh 2007:

Fuair an Freya i Rang 1 duais i gComórtas Aistí

Mo Pheata an scéal a scríobh sí

 

Ag an Trá

Lá breá gréine a bhí ann. Bheartaigh an chlann ag dul go dhí an trá.
Thóg na páistí buicéad agus spád le iad.
Chuir mammí an phick-nick isteach sa ciseán agus chuir daidí an ciseán istach sa carr.
Cupla nóméd ina dhiaidh sin bhí siad ag an trá.
Rith na páistí amach ón carr.
Chuir an chlann culaith snámha air. Rith na páistí isteach san uisce.
Chuir said uisce ar mammí agus daidí. Ansin bhí sé am don phick-nick.
Chuir daidí cáca agus brioscaí agus ceapairí agus uisce le ól.
Nuair a bhí gach duine ré thug daidí uachtar reoite donn na páistí.
An sin dúirt mammí tá sé am dul abhaile.
Ceart go leor arsa na páistí agus shúl an chlann go dtí an carr.

Aoife Ní Ailleagáin, Rang 1, Meitheamh 2006

 

Dúchas

Rugadh mé in Éirinn agus tá mé i mo chónaí inti le dhá bhliain déag anuas. Mar gheall ar seo tá an-ghrá agam do dhúchas na tíre seo.
Tá alán rudaí ceangailte le dúchas na hÉireann mar shampla ceol, amhráin, spórt, teanga, damhsa, litríocht, stair, tir-eolas, agus teagasc críostaí. Is iad na cinn is tábhachtaí domsa ná ceol, spórt agus teanga dúchasach na hÉireann. Tá na cinn seo ar na cinn is tábhachtaí dom mar bainim taitneamh astu. Phioc mé ceol mar ceapaim go bhfuil alán úirlisí dúchasach d'Éire, mar shampla an bodhrán, píopa uillinn, an fheadóg, an bainseo agus an ceann is fearr liomsa an fidil. Déanaim ceachtanna san fhidil gach Máirt. Tá alán ceoltóirí Éireannacha mar Sharon Shannon, Christy Moore, Séamas Ennis agus Seán O' Riada. Seinnann siad seo ceol iontach ar fad. Thaitíonn peil gaelach agus iománaíocht go mór liom. Imrítear na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh. Ceapaim gurbh é an peileadóir is fearr ná Maurice Fitzgearld agus an iománaí is fearr ná D.J. Carey. Gach bliain bíonn comórtas tíre do pheil gaelach agus iománaíocht. Faigheann an fhoireann is fearr sa tír, sé sin an fhoireann a bhuann cluiche ceannais na hÉireann sa pheil an corn "Sam Maguire" agus faigheann an fhoireann is fearr san iománaíocht an corn "Liam McCarthy". Tá na cluiche dúchasacha seo an-mhaith ar fad.
Is í an ghaeilge an teanga dúchasach sa tír seo ach ní labhraíonn gach duine í. Labhraitear an ghaeilge i gConamara, i nDún na nGall i gCiarraí agus ar roinnt de na hoileáin. Téim chuig gaelscoil Raifteirí agus labhraím an ghaeilge ansin. Bunaíodh TG 4 chun cabhrú leis an ngaeilge. Tá Radio na Gaeltachta ann freisin. Déanann Mícheal Ó Muircheartaigh tráchtaireacht ar na cluichí peile agus Iománaíochta i ngaeilge ar TG 4 agus ar Radio na Gaeltachta. Ceapaim go bhfuil alán gaeilge sa tír ach ní úsáideann gach duine í.
Tá an dúchas an-tábhachtach mar taispeánann sé an difríocht idir Éireannaigh agus daoine ó thíortha eile. Táim féin an-bhródúil as mo thír agus mo chuid gaeilge.

Le Fionnuala Ní Chuinn

 

Dúchas

Is tír shean agus saibhir í an tír seo. Ta cáil ar an dtír seo i bhfad is i gcéin toisc go bhfuil cultúr tradisiúnta againn. Deir an seanfhocal gur treise dúchas ná oiliuint agus is fíor é. Tá an cultúr ina steillbheatha cé gur fhulaing an tír seo anró agus cruatan san am atá thart.

Dúirt Padraic Mac Piarais "tír gan teanga, tír gan anam". Is teanga í an ghaeilge a bhfuil a háit féin aici i gcultúr agus stair na hÉireann. Is cuid dár n-oidhreacht í. Tá an teanga aon mhíle cúig chéad bliana daois. Is sa Ghaeilge atá an litríocht is sine in iarthar na hEorpa. Sábhálann mórtas cine an teanga. Is siombail dóchais é go bhfuil níos mo scoileanna lánghaelacha ann anois ná riamh.

Tá tábhacht mhór ag an spórt in Éirinn . Bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael in 1884 chun ár gcluichí náisiúnta a chaomhnú. Imrítear an pheil ghaelach agus an iománaíocht ar son an phléisiúir a thugann siad. Tá siad á n-imirt leis na cianta fada agus bíonn an-suim ag gach duine sna comórtais áitiula agus go mór mór sna cluichí í bpáirc an Chrócaigh.

Tá an-tóir ar an rince gaelach ní amháin sa tír seo ach i measc Éireannach thar lear. Taispeántas ollmhór ab ea an Riverdance. Chruthaigh sé don domhain iomlán go raibh an rince gaelach beo agus corraitheach. Téann an damhsa agus an ceol lámh le lámh in Éirinn. Bíonn na sluaite ag fleadh ceoil na hÉireann gach bliain nó scoil shamhraidh Willie Clancy-idir óg agus aosta. Féachann gach duine ar Paddy Maloney mar Ambasadóir cultúrtha ar son na tíre seo. Tá an ceol Gaelach ina steillbheatha sna tithe tabhairne agus sna scoileanna. Bhailigh Seán ó Riada grúpa de cheoltóirí tradisiúnta le chéile. Bhunaigh sé Ceoltóirí Chualann chun ceol ár sinsir a choinneáil beo-m.sh ceol an Chearbhalláin agus na sean-chruitirí. Léirigh sé go raibh fuinneamh ag baint le ceol na hÉireann.

Cé nár chuala trácht ar na Fianna ? Mhair na scéalta seo ó ghlúin go glúin,cé gur scríobhadh na scéalta sa dara haois déag. Tá aithne againn go léir ar Fhionn mac Cumhaill agus ar Chúchulainn a chosain Uladh i gcoinne saighdiúirí an Bhanríon Meadbh. Nach bhfuil cáil domhanda ar an Leabhar Ceanannais-sampla den ealaín Cheilteach. Is sampla é an leabhar seo den dúil sa léann a bhí ag ár sinsear. Tagann na mílte turasóirí go dtí an tír seo gach bliain. Ní feidír a rá go mbíonn siad ag lorg na gréine! Tagann siad anseo chun iarsmaí an tseansaoil a fheiceáil. Tá Brúigh na Bóinne chomh sean leis na Pirimídí san Eigipt. Tá páirceanna Céide í dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo mar chruthú go raibh an fheirmeoireacht faoi lán seoil in Éirinn na cianta ó shin. Insíonn gach caisleán agus gach túr a scéal dúinn faoin saol atá thart. Tá scéal eile á nisint ag logainmneacha na hEireann.

Ní féidir le náisiún a chúl a thabhairt le dúchas. Is scáthán na tíre ar an saol a bhí ag ár sinsear. Is é an dúchas a thugann féiniúlacht don tír agus don duine. Briseann an dúchas trí shúile an chait agus nach fíor an seanfhocal! Ní haon ionadh go bhfuilimid bródúil as ár dtír álainn seo.

Le Conchubhair Mac Pháidín

 


Cuairt ag an Aerfort

Bhí an-áthas orm mar inniú mo bhreithlá agus bhí mo chlann go léir ag dul go Londain ar feadh seachtaine chun cuairt a thabhairt ar ár gcolceathrair. Bhíomar ar an mbealach go dtí an t-aerfort agus bhí sceitiminí áthais orm.

Nuair a shroicheamar an t-aerfort, chuir Daidí an carr i gcarr-chlós mór agus chuamar isteach san aerfort. Bhí a lán daoine ag teacht amach agus bhí a lán daoine eile ag dul isteach. Bhí sé an-ghnóthach ar fad. Bhíomar sa scuaine chun na ticéid a thabhairt don aeróstach nuair a fuair Daidí amach nach raibh na ticéid aige. Bhí sé an-chrosta. Chuaigh sé ar ais go dtí an carr ach ní raibh siad in aon áit. Bhí siad caillte. Bhí an-díoma orainn go léir mar cheapamar nach mbeimis in an dul go Londain.

Dúirt Daidí linn go seans aige ticéid nua a fháil agus dul ar eitleán eile. Bhíomar ag fanacht ar feadh tamaill. Bhí mé i mo shuí ag léamh leabhair agus bhí siopa in aice liom. Go tobann chonaic mé an popamhránaí Samantha Mumba ag dul isteach sa siopa. Lig mé béic asam "Féach ar Samantha Mumba, féach ar Samantha Mumba!" Bhí gach duine ag féachaint orm. Rith mé isteach sa siopa chun í a fheiceáil. Thosaigh mé ag caint léi agus ag cur ceisteanna uirthi. Thug sí píosa páipéir dom agus a hainm sínithe air. Ansin chuala mé mo Dhaidí ag gloch orm mar bhíomar in ann dul ar an eitleán eile. Bhí sceitiminí áthais orm. Nuair a bhí mé ar an eitleán, d'fhéach mé i mo thimpeall agus cé a bhí ar am eitleán ach Samantha Mumba! Rud iontach é go raibh na ticéid caillte againn mar anois bhí mé ar an eitleán le Samantha.

Tar éis tamaill thit mé i mo chodladh agus, nuair a dhúisigh mé, cheap mé go raibh mé ag broinglóid an rud go léir, ach BHÍ SÉ FÍOR. Lá IONTACH é sin!

Sinéad Ní Mhuirí


 

 

Mo Mhamaí

Seo í mo Mhamaí.
Eibhín is ainm dí. Is banaltra í. Bíonn sí ag obair go dian san ospidéal.Is bean réasúnta ard, thanaí í. Tá gruaig ghearr fhionn aicí. Caitheann sí léine bhán agus bríste dubh-ghorm. Mar chaitheamh aimsire bíonn sí ag siúl. Is duine iontach í mar tugann sí aire don chlann agus do na daoine atá tinn.

Íde Ní Éanacháin

 

 

Dánta:

 

An File Dall: Léigh na dánta iontacha seo a rinne Rang 6, 2010

 

An Míol Mór

Is ainmhí iontach í an míol mór,
Is tá siad níos fearr na buicéad óir,
Bíonn siad ag léimt, ag canadh is ag spraoi,
Is ag snámh go mómhar thar na tontaí.

Bíonn siad mór is bíonn siad ramhar,
Má théann tú ró gar dóibh beidh tú bodhar,
Is é an mamach is mó ar domhain
An Míol Mór Gorm
Agus níl 's agam aon rud eile so ná cuir ceist orm.

Le Méabh Garrick

 

Dráma: Cogadh Róbó

Leagan le priontáil