Archives

2003-2004

 

Meitheamh

Turas go dtí Derrinumera, Mí Meithimh 2004, chun athrothlú a dhéanamh. Clic anseo chun pictiúirí a fheiceáil.

 

Chuaigh naíonáin ó Ranganna Cristín agus Pádraic ag taisteal. Clic chun pictiúirí a fheiceáil.

 

Cuireadh an Scéim Inste Scéil faoi lánsheol ar an 9ú. Chuaigh roinnt de na páistí ó Ranganna Chonaill agus Ghearóid go dtí an tIonad Oideachais. Chas siad le Mícheál Ó Muircheartaigh ansin.

 

Chuaigh Ranganna 5 agus 6 go dtí Petersburg Adventure Centre. Clic anseo chun níos mó pictiúirí a fheiceáil.

 

Tháinig daoine isteach agus bhris siad deich gcrann.
Mindless morons.
Ár mbuíochas do thuistí Máirtín Ó Gallachóir a thug airgead dúinn chun crainn nua a cheannach.


Bhí aifreann don Rang 6 ar an 3ú. Go raibh maith agat a Athair Ó Farrachair, a Mháire agus Coiste na dTuistí. Go n-éirí go geall libh a pháistí!

 

Bealtaine

Scoil Raifteirí, Cóineartú, Ranganna 5 agus 6 le Ardeaspag Ó Naraigh, Athair Ó Murchú agus Múinteoirí Conall Ó Domhnaill agus Gearóid Ó Marcaigh

 

 

Rinne Múinteoirí Pádraig agus Majella im le Naíonáin Shinsireacha. Clic anseo chun níos mó pictiúr a fheiceáil.

 

 

Seo an fhoireann a d'imir sa Cheathrú Rua.
Clic ar an bpictiúr chun Powerpoint a fheiceáil.


Chuaigh Ranganna 2 agus 3 go dtí an Linenhall chun ealaín a dhéanamh i Mí Bealtaine, 2004.


Clic anseo chun dhá phictiúr eile a fheiceáil

 

 

 

Chuaigh Múinteoir Michelle le 10 páistí go dtí Lough Lannagh chun kayaking a dhéanamh. Clic anseo chun trí phictiúr a fheiceáil.

 

 

Aibreán

Comhghairdeas do Rang Máire agus an tAthair Mícheál Ó Murchú. Bhí an searmainis don Chéad Chomaoineach ar an 25ú Aibreáin go hálainn.

 

 

Márta

Rinne an cigire, Dominic De Búrca, mórthuairisc ar an scoil. Ag an deireadh, os rud é go mbeidh sé ag éirí as i gceann tamaill, bronnadh cáca air sa seomra foirne. Go n-éirí go geal leat, a Dominic!

 

Lá Fhéile Pádraig 2004

 

 


Clic anseo chun imeachtaí na seachtaine a fheiceáil.


 

Chuaigh daltaí ag foghlaim Iodáilis sa scoil go dtí an Ristorante Al Muretto. Clic anseo chun níos mó pictiúirí a fheiceáil.

 

Comhghairdeacha don fhoireann shóisir a bhuaigh arís sa Tráth na gCeisteanna Credit Union. Beidh siad agus Múinteoir Conall ag dul go dtí an comórtas náisiúnta ar Aibreán 4!

 

 


Bhí Múinteoir Conall agus a rang i dteagmháil arís le Gaelscoil an tSléibhe Duibh i mBéal Feirste. Clic anseo chun tuilleadh eolais faoin tionscnamh Dissolving Boundaries a fheiceáil.

 

 


Tháinig Frances Lally chun labhairt leis na ranganna 4-6 faoi Fair Trade

 

 

Feabhra

Seo an dá fhoireann fichille ag imirt in aghaidh Scoil Teampall Mór. Comhghairdeachas do na cuairteoirí a bhuaigh!

 

 

Bronnadh cártaí agus buíochas ar Úna Ní Ghabhláin, ár n-iarchathaoirleach, sa halla. Go raibh maith agat a Úna, agus go n-éirí go geal leat!
Clic anseo chun níos mó pictiúirí a fheiceáil.

 

 

Comhghairdeas don fhoireann sóisearach a bhuaigh an chéad áit sa tráth na gceist eagraithe ag an gComhairle Creidmheasa ar an 6ú lá Feabhra.

 

 

Tháinig an tréadlia an t-Uasal Ó Cormaic chuig Rang 6 chun labhairt faoi ainmhithe agus peataí

 

D'fhoghlaim páistí ó Ranganna 1-3 faoi cluichí a imrítear sa chlós ar an 5ú lá Feabhra. Buíochas do Mhuseum an tSaoil Faoin Tuath.

 

Ar an lá céanna, bhí an dá fhoireann cúlaí ag imirt.

 

 

Mí na Nollag

Clic ar an bpictiúr chun ceolchoirm 2003 a fheiceáil

 

 

Lord of the Rings: The Final Episode

Seo roinnt den slua a tháinig ar an oíche. Clic anseo chun pictiúir a fheiceáil ón trí oíche a bhí againn sa phictiúrlann.

 

Seo Denis O'Boyle agus Art Ó Súilleabháin ag bronnadh ceamara digiteach dúinn taréis a bheith páirteach i Netd@ys 03.

 

Bhí crannchur againn chun airgead a dhéanamh ar son ár gcairde san Afraic. Clic anseo chun foghlaim faoi Kenya.

 

 

Seo ceann de na feithidí ar thug an chlann Kingdom dúinn le díol sa scoil. Sales of the stick insects netted more than €200. Míle buíochas to all the Kingdom family for this great venture.

 

Mí na Samhna

 

Chuaigh Rang 6 go dtí an Linenhall chun Workshop Drumaí a dhéanamh le 4-Mality.


Féach ar an leathanach ag léiriú an ceangailt idir Scoil Raifteirí agus scoil i Kenya.

 

 

Deireadh Fómhair


Tháinig Eva ón nGearmáin, Elsa ón Spáinn agus Luisa ó Bhrazil chun caint faoina dtíortha.

 

 

Tháinig litir thabhachtach amach le eolas faoin scoilbhliain. Click here to find useful information about year 2003-2004.

 

 


Tá obair ealaíon le feiceáil ar ábhar Oíche Shamhna. Click to see our Halloween Page.

 


Chuaigh Rang Ghearóid go dtí an leabharlann chun an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a fheiceáil. Clic chun níos mó faoi scríbhneoireacht sa scoil a fheiceáil.

 

 


Bratach Glas: Glanadh suas, bulb-planting and a new committee. Click on the picture to see about the environment.

 


Chuaigh Ranganna 2 agus 3 go dtí Tuar Mhic Éadaigh chun an choill a fheiceáil.

 

Click on the picture to see this year's nine entries for the Credit Union poster competition

 

 

D'éirigh go maith le foirne cailíní agus buachaillí sa chomórtas Mini Sevens i mBaile an Tobair ar an deichiú

 

 

Tionscnamh nua. Click on the picture to see new powerpoint work done by pupils.

 

 

Meán Fómhair

Bhí an-lá ag na páistí a bhí ag rith sa chomórtas tras-tíre Mhaigh Eo Thiar ar an 26ú. Bhuaigh ceathrar páiste déag bonnta. Click to see more pictures from the day.


Saileog and Denise subsequently qualified for the Connaught Finals after competing in Ballina. Comhghairdeachas!

 


Chuaigh páistí ó Ranganna 3-6 go dtí an Linenhall, where they underwent excellent tuition in the use of charcoal and graphite as media in art. Clic anseo chun pictiúirí a fheiceáil.

 

 

Thosaigh páistí ó Ranganna 4-6 cúrsa rothaíochta ar an 9.9.03. They will learn cycling safety skills over a seven week period.

 

Fáilte roimh gach éinne ar ais ar scoil. Tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh agus tairbhe as an scoilbhliain 2003-2004.

 

 

2001-2002

2002-2003

 

Back to top